Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)

Suíomh:
Cill Íseal, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Seán Ó Conaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 151

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 151

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 151
  3. XML “An Máistir Scoile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sa Chnoc Buí a rugadh Donncadh Ó Caoimh agus a tógadh ach chuireadh a athair agus a mháthair as seilbh na h-áite a bhí acu agus cuireadar fútha ag Cnoc A Faille i sléibhte Chnoc Mhaol Domhnach. Tá sé 70 bliain ann.
    Thit an máistir scoile i ngrá le cailín ón mBarra, sé sin, Cnoc Buí agus thug sí sin a croí dó.
    An Máistir:
    Is ró-bhreá an dúthaigh a bhearfainn ann tú
    Cois Abha Móire na nDéise
    Mar a mbíonn ann smóilín ia an londubh ceolmhar
    Agus fiadha na bhFiann dá dtrachadh
    Bíonn na cnó cúmhra ar chrainn ag lúbadh
    Is bláth na h-úill ar géaga
    Is an cuach gan amhras i dtúis an tSamhraidh
    Is an tradhnach ag labhairt sa bhfeur ann.
    Ná pós aon smaoisde de bhodach cíortha
    Mar ní bheadh sé choidhche ach ag pléidhe leat
    Ag troid sa bruigheann leat de ló is d'oíche
    Is ag casadh gníomhartha an t-saoil leat
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Conaire
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Caoimh
    Gaol
    Duine neamhghaolta
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cnoc na Faille, Co. Phort Láirge