Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)

Suíomh:
Cill Íseal, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Seán Ó Conaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 131

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 131

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 131
  3. XML “Ag Léamh an Pháipéir Nuachta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sé an fear céanna - Séamas Thaidhg - a bhiodh ag obair i dtigh na comharsan, ó thig go tig de réir mar a bhiodh obair dó agus dá mbeadh in éileamh air, d'fanadh sé ag áirneán an fhaid agus do sheasóchadh solas coinnle leis.
    Bhíodh an mhórdáil ag gabhail leis agus níor dhein sí í dhearmad riamh. D'inniseadh sé scéalta, ceapaithe a n-úrmhór agus leigeadh sé air léig sé iad i bpáipéirí nuachta na seachtaine caite.
    Bhí sé ag obair i dtigh áirithe lá agus d'oscail fear-a-tighe an páipéir agus chrom ar a léigheamh. Ba ghearaid gur chuir sé béic iongantais as agus shín an páipéar chun Séamais a chur a mhéire ar an spotta sa pháipéar a leig sé ar a bheith ag léimh agus le fonn go léigfeadh Séamas é.
    Bhíos aige go maith na géillfeadh Seamus ná tabharfadh sé le rá ná raibh sé ábalta ar an léimh a dhéanamh.
    Léig leis ós árd an scéal is milltidhe is d'airig aoinne riamh ar murder do dhéineadh an t-seachtain roimhe sin i gCo. Corcaigh. Bhí, fad na h-aimsire sin, an páipéar iompuighe síos suas aige agus fear-a-tighe ag féachaint thar a ghuallain ag gáire dó féin agus Séamus ag cur uaidh de réir mar do mheas sé féin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Conaire
    Inscne
    Fireann