Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
- XML Leathanach 124
- XML “Is Mairg díbh nár Théabhair é seo dhúinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Trí fichid bliain ó shoin do shuí Johnny Barron ó Lag na Fothrach isteach chun praisig na maidne do caitheamh díreach roimh teacht a chuid fear chun na gnótha ceudna.
Níor chuimhnig Johnny ar thriail do baint as an bpraiseach ach shlog sé siar bolgum de i d'urchar. Tháinigh na deoracha as a shúilibh ach shocraig sé a aghaidh comh mear agus d'féid sé agus labhair leis na fearaibh mar ba ghnáth leis.
D'fair sé iad go rabhdar ar tí an bhreacfast do chur isteach agus ansan labhair le na mhnaoi agus an cailín aimsire go mín, réidh, mall "Is mairg díbh nár théighbhir é seo dúinn".
Dar ndóigh thig na fir gur fuair a bhí an praiseach agus siúd go dána fé na dhéin iad ach dhíoladar go dóighte as a ndámidheacht agus níor éirigh le Johnny teacht saor, mar fuair sé steall den phraiseach treasna a uchta.
"Seadh" arsa fear acu nuair a tháinigh a caint chuige "ní thagann an cleasaidhe saor i gcónaí".- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann