Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)

Suíomh:
Cill Íseal, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Seán Ó Conaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 119

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 119

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 119
  3. XML “Guí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Dathad bliain ann ó d'airigheas so im thig féin i bparóiste Tuar an Fhíona ina na Déise.
    Fear oibre dár b'ainm do Mrtan a Photail ag obair i bpáirc bhí suite ag béal dorais againne. Ag baint aitinn a bhí sé. Bhuail sé isteach chun a phíopa do dheargant. Rángaidh go raibh an té á caitheamh. Tugadh cuireadh do Mhártan ceann do dhéanadh inár measc agus ní raibh ach gaoth an fhocail ón fear bocht a bheith ag suí cois búird.
    Sí mo dheirbhsiúr a chur an té i gcóir agus nuair a bhí a dhóthain ithe is ólta aige, d'éirigh ina sheasamh agus bhain fioghar na croise de féin agus dúirt le Brifid, mo deirfúir "A chailín canta geal-gháireach, go mairid tú slán agus fé mhaise, go mbeidh do bhróga-sa agus mo bhróg-sa fé an t-aon leabaidh amháin agus suas ortha".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
    2. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Conaire
    Inscne
    Fireann