Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is cuimhin liom nuair a bhíos im leanbh cois tine sa nGeimhreadh agus na comharsan bailithe isteach gheibheadh duine cipín agus bátha isteach sa tine é. Nuair a bhíodh sé i na lasair tharraingigheadh sé amach é agus ó thaobh go taobh leis agus é greamaithe idir a mhéaranna an fhad a bhíodh sé ag rá na focail seo leanas :-
"Bidín beo, bidín marbh, máfhaghann sé bás idir do dhá láimh an trom trom le cur ort".
Ansan tugadh sé an cipín lasta do gach duine i ndiaidh a chéile agus bíodh ar gach duine an rud ceadna do dhéanamh agus na focail ceadna do rá.
Pé duine a raghadh an cipín i n-éag air bheidh ar an duine sin dul ar a ghlúnaibh agus ar a lámhaibh agus leagadh gach duine an rud ceadna do dhéanadh agus na focail ceadna do rádh.
Pé duine a raghadh an cipín i n-éag air bheadh ar an duine sin dul ar a ghlúnaibh agus ar a láimh agus leagadh gach duine de'n bhfuireann rud éigin ar a dhruim agus bheadh air tomhas dé'r d'é. Leanfaidh de seo - gach duine ag cur a ualaig féin anáirde. Nuair a d'éireochadh leis tomhas i gceart scaoilfuidhe saor é agus bheadh síos ar an té a chuireadh an tomhas air.
Is minic gur mar sin a chaithidhe an oíche nuair do bhí óg, ach ní h-amhlaidh atá an scéal inniú.- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann