Scoil: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 3549)

Suíomh:
An Teampall Geal, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Liam Ó Faoláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 52

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 52

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 52
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí garsún ann uair agus ní raibh sé acht naoi bliana núair a fúair a athair agus a mháthair bás.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus tháinigh sé isteach arís agus chuireadar amach arís é. Tháinigh sé isteach an tríú uair agus chonaic sé a athair ag seasamh ar a uaigh agus ní fhacha sé riamh aghaidh comh gránna agus a bhí air. Níor chuaidh sé suas ach leath den slí chuaidh sé abhaile agus é ag críoch le h-eagla agus ón lá sin amach níor chuaidh sé isteach sa reilg tar éis a sé a chlog um tráthnóna.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Bhí bean ann uair amháin agus bhí madra an-chrosta aici.

    Bhí bean ann uair amháin agus bhí madra an-chrosta aici. Bhíodh eagla uirthi dul r-ghairid don madra bhí sé comh fiadhan sin, Ins an gcathaoir go mba mhaith leis an bean a shuidheadh sé i gcónaí. Bhí an bean ag cuimhneamh agus ag cuimhneamh ar cad a dhéanadh sí chun é do chur as an gcathaoir. Lá amháin do chuimhnigh sí ar cleas. Chuaidh sí go dtí an fuinneóg. Arsa sí "Ó na cait, na cait". Suas ar an bhfuinneóg leis an madra. Comh luath agus do dhein sé do chuaidh an bean ina shuí ar an gcathaoir. Gach lá dhein an bean é seo ach ní raibh fhios ag an madra riamh gur amadán a bhí an bean á dhéanamh de. Ach lá amháin chuaidh an madra suas ar an fhuinneóg agus bhí sé ag féachaint agus suim an iongantach ar fad aig in rud éigin amuigh. Anáirde chun an fuinneóg leis an mbean. Comh luath agus do dhein sí do chuaidh an madra suas ar an gcathaoir arís agus ní bhfuair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.