Scoil: An Eaglais, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 1395)
- Suíomh:
- An Eaglais, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás Ó Leinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lucht Siúil
Ghlaodhann lucht siúl go dtí mo thig go minic. Tagann na daoine céadhna gach uair cúgainn.
Bíonn an-chuid earraidhe beaga á ndíol acu. Bíonn lásaí, agus cíoracha, agus pinn, agus sáspáin á ndíol acu. Ceannuigheann siad na rudaí insna bailte Móra, agus cuireann siad cúpla pinginn ós cionn an costais a ceannuig ortha. Bíonn málaí giobalacha ar a ndrom acu, agus coimeádann siad gach rud a gheibheann siad ins na málaí.
Bíonn fáilte rómpa i gcuid des na tighthibh, nuair a bhíonn aon rud maith, agus saor acu le díol. Fanann siad go ceann cúpla lá leis na feirmeóirí. Tugann na daoine biadh dóibh an fhaid a bhíonn siad ag fuireach leó .Gheibheann siad prátaí, agus aráin, agus té, agus bainne ins na tighthibh. Dearann siad nuair a gheibheann siad aon rud ''go ndéanaidh Dia trócaire ar anamana na marbh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Dhoghair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chloch, Co. Phort Láirge