Scoil: An Eaglais, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 1395)
- Suíomh:
- An Eaglais, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás Ó Leinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sagart in Eaglais fadó. Aon oidhche, bhí sé ag dul chun an ola deirneach do thabhairt do fhear a bhí ag faghail báis in Drom Mhór. Bhí capall aige agus é ag marcuidheacht air. Bhí bóithrín ag dul síos go tigh an fhir tinn.
Bhí an sagart ag dul síos an boithrín agus d'áirig sé duine éigin á rádh. 'Téir abhaile tá an fear tar éis báis a d'fhágháil'.
Níor bhac an sagart leis an méid sin cainnte. Tar éis tamaill, chonnaic sé rud mór dubh ag dul síos an bóithrín roimhe. Nuair a chonnaic an capall an rud dubh ní chórróchadh sé coiscéim eile. B'éigin do'n sagart teacht anuas de'n chapall agus é ceangal de chrann a bhí ar thaobh an bhóithrín. Rith an sagart síos an bóithrín, agus chuaidh sé isteach sa tigh, agus chonaic sé ná raibh an fear marbh. Thug sé an ola deirneach dó, agus bhí sé ag teacht abhaile. Ní túisge a bhí sé ag doras na cistin ag teacht amach as an tigh ná rith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Fhaoláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Drom Mór, Co. Phort Láirge