Scoil: An Eaglais, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 1395)
- Suíomh:
- An Eaglais, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás Ó Leinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadughadh teine ar loch
No cathadh cloch le cuan
Comhairle a thabhairt do bhean borb
Nó buile ruibe ar iarann fuar.Fuar gach fliuch dubh gach deaghanach
Mairg a bhíonn i dtír na gaolta
Gan bean mic nó máthair céile
Dritháir cun do gearrán do dhéanamhNí anfa go gaoth andeas
Ní clagairneach go gaoth andeas.Ní céile do dhuine beó duine marbh.Lá Féile Seaghain ...
Fearthainn fial na féile Seaghain.Muca ruadha rathamhla
Muca dubha dathamhla
Muca breaca lionann cró
Muca glasa níl aon grád leoSamhradh gach síne go Nodlaig
Ní fuacht go Féil Brighde
Comh geal le sneachta sguabach(leanann ar an chéad leathanach eile)