Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)
- Suíomh:
- Aird Mhór, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Risteárd Neancól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuaar go dtí bruach an t-srutháin agus do chonacadar scata fear agus bean ag rinnce ar an dtaobh eile. Bhí fonn ortha dul treasna cúcha ach bhí roinnt eagla ortha tabhairt fé. Tháinigh duine den dream eile ag triall ortha agus thug cuireadh dóibh teacht treasna cúcha. D'fiafruigheadar de cá rabhadar nó dé'n ainm a bhí ar an áit.
"Tír na n-Óg ainm na h-áite seo ná tiocfaidh aois ná bhrón ná cathú go bráth ná choidhthe ar aoinne" arsa sé.
"Má thagann sibh treasna cughainn beidh na turtha fáilte róimh agus gheobhaidh sibh fuireach in ár measc choidche".
Chuaidh an buachaill aimsire treasna agus d'iarr an feirmeoir cead ortha dul thar nais abhaile agus go gcasfadh sé ortha lá ar 'ná mháireach. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. D'fhan an feirmeoir tamaill maith ag coinne leis an mbuachaill teact thar nais chuige. Do chuaidh an buachaill ag rinnce leo thall agus d'fhan ina fhocair go tráthnóna. bhí fonn air casadh ansan ach nuair a tháinigh sé dtí an t-sruthán bhí leithead abhann móire ann sa slí ná raibh aon 'áil air teacht treasna. Tháinigh an feirmeoir chuige ón dtaobh eile agus d'iarr air teacht thar nais cuige agus go raghaidís abhaile. Dúirt an buachaill ná raibh aon fághail aige air. "Conas a thiocfainn treasna" arsa sé i gcoinne an tuile mháir atá san abhainn. D'fhéach an feirmeoir treasna air agus iongantar air.
"Cá'il an tuile" arsa sé sin "dur ndóigh níl ansan ach sruthán beag.
"Ní h-amhlaidh é a mhic ó" arsa an buachaill aimsire "ach b'fhéidir gur b'fhearr duit(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Concubhair
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na Moiltineach, Co. Phort Láirge