Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill

Suíomh:
An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Deaglán Ó Cuilliú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 468

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 468

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Leathanach 468
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí sé ana-bhocht. Bhí clann ana-mhór aige. Bhíodh sé ag obair ar an mbóthar gach lá.
    Lá amháin bhí sé ag briseadh cloch mhór agus fuair sé cúpla gráinne óir istigh ann. Fuiar sé úalach cloch san áit ina bhfuair sé an cloch mhór agus thóg sé abhaile iad. Fuiar sé cuid mhaith óir ionta agus bhí sé ina shaibhir as san amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peig Ní Chuilliú
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Tomás Treó
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
  2. Bhí fear ann uair agus bhí sé pósta. Bhí sé féin ana-chiúin agus bhí a bhean ana-chrosta.
    Bhí iníon aige agus bhí sí an-chiúin leis. Bhíodh a mháthair i gcónaí á bualadh. Bhí an cailín bocht go léir gearrtha.
    Gach aon oíche nuair a théighidh a mháthair a codladh bhíodh sprid istigh sa seomra. Sa deire bhí an méid sin eagla uirthí go dúirt sí leis an sprid "In ainm Dé cad atá uait?". Arsa an sprid "Má leagann tú lámh ar an gcailín tichfaidh mé arís".
    D'imigh an sprid agus níor tháinigh sé arís. Bhí saol maith ag an gcailín as san amach agus bhí an tigh ana-chiúin aca.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.