Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 467
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)oíche seo agus shíl an bhean gur ag imirt cártaí a bhíodar.
Bhí sé an-dhéabach nuair a chuaidh an bhean a codladh agus ní raibh an fear agus a dhá mhac tar éis teacht abhaile. Do bhí sí sa leaba tamall bheag nuair do chonaic sí an sols timpeall gach aon áit. Do léim sí amach as an leaba agus chonaic sí solas beag sa pháirc. Do rith sí amach agus do chuaidh sí go dtí an solas agus cá bheadh ann ach an fear agus an dhá mhac agus poll mór déanta aca. Dúirt sí leo teacht abhaile go mear.
Do chuaidheadar agus nuair a thángadar isteach thit an bhean agus bhí sí ann-tinn ar feadh tamaill agus ansan bhí sé go maith agus chuaidh sí a codladh. Dúirt an t-athair ná raghaidís ag lorg an óir níos mó. - Bhí fear ann fadó agus théigheadh sé ag ól gach aon oíche. Ní raibh aon athair aige agus bhí a mháthair an-bhocht. Bhí an bhean bocht cráidhte aige.
Ní raibh aon airgead aige féin ach bhíodh sé ag ghoid óna mháthair. An oíche seo bhí sé ag teacht abhaile agus chonaic sé sprid. Dúirt an sprid leis dá mbeadh sé ag goid airgid ón a mháthair nó ag ól go marbhófaidhe é nuair a bheadh sé ag teacht abhaile ón tig ósta.
Níor chuaidh an fear ag ól ná ag goid as sin amach. Fuair sé post maith i mBaile Átha Cliath agus thugadh sé leath den a airgead a theibheadh sé gach aon mhí dá mháthair.- Bailitheoir
- Peig Ní Chuilliú
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tomás Treó
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge