Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill

Suíomh:
An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Deaglán Ó Cuilliú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 461

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 461

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Leathanach 461
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí beirt fhear ann fadó agus chuadar ag gearradh crainn aon oíche amháin agus bhí sé ana-dhéanach nuair a bhíodar ag teacht abhaile.
    Do bhí an oíche an-gheal agus do chonaiceadar an rud mór bán amach rompa. Tháinigh an-eagla ortha agus nuair a chonaiceadar ná raibh sé ag imeacht chun siúl chuaidh duine aca leath istigh den gclaidhe agus d'fhan an duine eile ar an mbóthar.
    Tháinigh an fear a chuaidh isteach thar an gclaidhe amach ar an mbóthar ar an áit a bhí an rud bán agus cad a bheadh ann ach cat agus a ceann istigh i gcrusca agus é ag léim timpeall.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Oíche amháin bhí fear ag teacht abhaile ó an aonach agus bhí braon ólta aige.
    Bhí sé a haon a chlog nuair a bhí sé ag teacht abhaile agus chonaic sé sprid.
    Cailín a bhí ann a bhí seacht mbliana
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Mhaólchatha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Maolchatha
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge