Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill

Suíomh:
An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Deaglán Ó Cuilliú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 451

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 451

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Leathanach 451
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí feirmeoir ann fadó agus do chuaidh sé amach sa páirc.
    Do chonaic sé láir bheag deas. Do thóg sé abhaile í.
    Do bhí sí ana-mhaith chun gach aon rud a dhéanamh. Do bhí sí aige seacht mbliana agus do bhíodh siorrach gach aon bliain aici.
    An oíche seo do bhí sé ag obair ana-dhéanach agus do bhuail sé í. Nuair do scuir sé í do leig sí síodra agus ní raibh aon áit a raibh siorrach nár tháinigh ag triall uirthe. Do bhí poll i bpáirc éigin agus do chuadar go léir síos ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Do bhí fear ann fadó agus do bhí dhá mhac aige. Nuair do bhíodar mór dúirt duine aca go raghadh sé ag goid agud dúirt an duine eile go raghadh sé ag obair. Do bhí duine uasal ar an áit agus do chuaidh sé ag goid ann an oíche seo. Do chuaidh sé isteach agus pé útamáil do bhí aige do thit rud
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge