Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill

Suíomh:
An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Deaglán Ó Cuilliú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 449

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 449

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Leathanach 449
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí fear agus bean ina chónaí le thais na trá. An lá seo do bhí an fear síos ar an dtrá agus do fuair sé fear caite isteach leis an taoide. Thóg sé abhaile é agus do chuir sé é. Cúpla oíche ina dhiaidh sin tháinigh fear go dtí an doras agus dúirt sé leo dul síos go dtí an trá go raibh rud éigin thiar. Do chudar agus fuaireadar bairle uisce beatha. Do tháinigh sé an dara oíche agus do chuadar síos arís agus fuaireadar rud éigin eile. Do bhí sé a teacht go raibh an tig lán do gach aon rud.
    Dúradar ansan leis an sagart agus dúirt sé leo gan dul síos a thuille. Nuair do tháinigh sé an céad oíche eile dúradar ná rachaidís síos níos mó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Stilwell
    Inscne
    Fireann