Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 439
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)doras thit sé. Tháinigh a bhean amach agus dóbhair ná fuair sí bás ag an doras.
Chuadar fé dhéin an dochtúra agus nuair a tháinigh sé bhí an fear tar éis bháis.
Tamall beag ina dhiaidh sin chuaidh an bean go hEochaill agus bhí sé sórt déanach nuair a bhí sí ag teacht abhaile. Chonaic sí sprid ar an mbóthar agus tháinigh eagla uirthe agus rith sí abhaile agus lean an sprid í agus nuair a bhí sí ag dul isteach an geata abhaile thit sí agus fuair sí bás.
Cuireadh in Árd Mhóir í. - Bhí bean ann fadó agus ní raibh aoinne sa tigh léí ach í féin. Lá amháin bhí beirt chailín ag dul go dtí an siopa agus ní raibh fhios aca an slí agus chuadar isteach go dtí an bhean seo.
Dúirt an bhean leo dul isteach agus dul suas go dtí an tine. Chuadar isteach agus tar éis tamaill chuaidh sí síos go dtí an siopa leo agus dúirt sí leo gan a bheith i bhfad istigh ag an siopa mar bhí sé ana-dhéanach. Nuair a bhíodar tar éis teacht amach ón(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peig Mheachair
- Inscne
- Baineann