Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill

Suíomh:
An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Deaglán Ó Cuilliú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 436

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 436

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Leathanach 436
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go deo deo arís.
    Seana Scéal
    Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta. Lá amháin chuaidh sé go héochaill agus nuair a tháinigh sé abhaile bhí a bean tinn. Chuaidh sé fé dhéin an dochtúra agus tháinigh sé agus dúirt sé ná raibh sé ró-dhona.
    Chuaidh sé abhaile ansan leis an dochtúir agus bhí sé ana-dorcha nuair a bhí an fear ag teacht abhaile agus chonaic sé cuid mhaith daoine istigh san pháirc ag imirt peile. Chuaidh sé isteach san pháirc agus ní raibh aoinne ann.
    Ansan chuaidh sé abhaile agus bhí a bhean tar éis bháis.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear ann fadó agus chuaidh sé go hEochaill lá ar asal. An oíche sin bhí sé ana-dhéanach nuair a bhí sé ag teacht abhaile agus chuaidh sé isteach go dtí tig ósta agus nuair a d'fhág sé an tigh ósta chuaidh sé anáirde ar an asal agus abhaile leis. Nuair a bhí sé gairid don a tigh féin chonaic sé sprid. Thit sé den
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peig Mheachair
    Inscne
    Baineann