Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill

Suíomh:
An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Deaglán Ó Cuilliú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 435

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 435

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Leathanach 435
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean ann fadó agus chuaidh sí go hEochaill lá. Bhí sé déanach nuair a bhí sí ag teacht abhaile.
    Chonaic sí tigh agus chuaidh sí isteach ann. Nuair a bhí sí gairid don doras ag dul isteach chonaic sí cuid mhaith daoine istigh agus iad ana-bheag agus nuair a chonaiceadar í chuadar go léir chun siúl agus d'imigh an solas. Ní raibh fhios aici ansan cad a dhéanfadh sí ach d'fhan sí ann.
    Tar éis tamaill chonaic sí arís iad agus thugadar corcán óir di. Chuaidh sí abhaile ansan agus níor chuaidh sí amach aon áit go deo arís.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear ann fadó agus bhí sé sórt aosta.
    Chuaidh sé go dtí an aonach lá agus bhí sé seacht a chlog san oíche nuair a bhí sé ag teacht abhaile.
    Nuair a bhí sé gairid don a thigh do chonaic sé sprid ar an mbóthar agus tháinigh eagla air.
    Nuair a chuaidh sé isteach abhaile ní raibh an sprid istigh. Chuaidh sé síos sa seomra agus bhí a mháthair tar éis bháis.
    Níor chuaidh an fear amach aon áit
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peig Mheachair
    Inscne
    Baineann