Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill

Suíomh:
An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Deaglán Ó Cuilliú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 432

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 432

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Leathanach 432
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí tiarna talmhan in Árd Mhór fadó.
    Sé an ainm a bhí air ná Bagge. Bhí sé ana-dhian ar na bocht i gcónaí.Bhí sé ag dul go dtí Dúngarbhán lá agus dúirt sé leis bhoicht sa Churra mara mbeadh an chíos aca nuair a thiocfaidh sé thar nais go gcuirfadh sé amach as na tithe iad.
    Nuair a bhí sé ag dul go dtí Dúngarbhán chonaic sé bean bocht ón Churra agus chuaidh sí síos ar a dhá ghlúin agus chuir sí mallacht ar Bagge.
    Nuair a bhí Bagge ag teacht abhaile an oíche sin fuair sé bás obann sa chóiste.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    2. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peig Ní Chuilliú
    Inscne
    Baineann
  2. Bhí fear agus bean ann fadó agus ní raibh aon airgead acu ach bhí a bhean lán de phiseóga.
    An chéad lá de Bealtaine chuaidh sí go dtí feirmeoir.agus thóg sí cúpla ubh léithe agus chuir sí isteach san pháirc iad agus bhí chuid maith prátaí ag an bhfeirmeoir.
    An lá ina dhiaidh sin chuaidh sí arís agus chonaic sí na ba agus bhuail sí iad le slaitín agus ní bhfuair na daoine aon bainne ós na ba agus nuair a chuaidh an bhean
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.