Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill

Suíomh:
An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Deaglán Ó Cuilliú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 409

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 409

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Leathanach 409
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”
  5. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí fear ann fadó agus oíche amháin nuair a bhí sé ag teacht abhaile ó sochrud chaith sé dul go séipéal. Chonaic sé sprid agus cóta bán air. Lean sé é agus i gceann tamaill chuaidh an fear thar páirc.
    Nuair a tháinigh sé amach as an páirc bhí an sprid ann roimhe agus riamh ó choin níor chuaidh an fear lasmuigh den doras aon oíche.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Mhaólchatha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Maolchatha
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
  2. Do bhí fear ann fadó agus aon lá amháin chuaidh sé ag briseadh bataí.
    An maidin nuair a bhí sé ag imeacht dúirt sé lena bhean nach bheadh sé ag teacht abhaile fé dhéin a dhinnéir in aon chor.
    Dúirt sé go dtógfadh an cailín é. Chuaidh an cailín agus ní bhfuigeadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.