Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill

Suíomh:
An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Deaglán Ó Cuilliú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 406

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 406

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Leathanach 406
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal - Piseog”
  5. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean ann fadó. Sé an ainm a bhí uirthe ná Cáit. Bhí sí ana-aosta. Bean feirmeora ba eadh í. Maidin amháin chuaidh sí amach sa pháirc fé dhéin na mba. Do chonaic sí fear. Ní raibh ach láimh amháin ann. Bhuail sé ceann des na ba le flaitín dríochta. Dhein sé caoire di. Rith an bean isteach go dtí a fear. Innis sí dó cad a dhein an fear. Rith sé amach sapháirc. Ní raibh aon rud ann ach caoire. Ní raibh aon bha a thuille ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta. Aon oíche amháin thit a bhean tinn agus caith an fear dul fé dhéin an dochtúra. Nuair chuaidh aoinne leis agus caith sé dul thar páirc.
    Nuair a chuaidh sé isteach ins an páirc chonaic sé bairile ime ag rith isteach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Mhaólchatha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Maolchatha
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge