Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill

Suíomh:
An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Deaglán Ó Cuilliú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 402

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 402

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Leathanach 402
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”
  5. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó. Bhí sé ana-bhocht. Bhí sé pósta. Oíche amháin chuaidh sé síos go dtí an cheárdcha. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile bhí sé an-dorcha. Chonaic sé sprid. Bhí cóta mór bán air. Chuir sé ana-eagla air. Rith sé abhaile ana-mhear.
    Nuair a bhí sé ag dul thar an gclaidhe léim sé anuas ar phúca. Thóg sé síos go dtí an cheárdcha araíst é.
    An maidin ina dhiaidh sin tháinigh sé abhaile. Dúirt sé lena bhean cad ba bhain dó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear ann fadó. Bhí seisear mach aige. Lá amháin chuaidh sé amach sa mhaca. Nuair a tháinigh sé isteach bhí ceann acu marbh. Dúirt sé le duine acu cad bhain dó.
    Dúirt sé go dtáinigh fear mór isteach agus go raibh bata mór aige agus go maraigh sé é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ícidhe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ícidhe
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    48
    Seoladh
    An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge