Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill

Suíomh:
An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Deaglán Ó Cuilliú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 400

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 400

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Leathanach 400
  3. XML “Seanphaidir a Dhéarfá Istoíche”
  4. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Luighim sa leaba seo mar luighim san uaigh. Faoisidán go cruaidh leatsa, a Dhia. Cuirim m'anam ortha Dhia ná raghaidh mé ar a dhiaidh ort go bráth. Síné ort, a Mhuigheadan Beannaithe, cuirfidh mé m'anam ar do dheis láimh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear agus bean ann fadó agus bhíodar pósta. Seán a b'ainm don bhfear agus Máire a b'ainm don bean. Bhíodar bocht go leor agus bhí ana-chuid gabhair acu. Caith Seán dul gach aon maidin go dtí an chnoc fé dhéin na gabhair.
    An maidin áirithe seo bhí sé an-fhluic nuair a bhí sé ag dul go dtí an chnoc. Chonaic sé fear ina seasamh i lár na páirce. Ní raibh aon cóta ar an bhfear. Bhain Seán a chóta féin de agus chuir sé ar an bhfear é.
    An maidin ina dhiaidh sin nuair a chuaidh Seán go dtí an chnoc chonaic sé gur cloch a bhí ann. Thug sé cic dí agus leag sé í. Cad a bheadh sé a cloch ach cróca óir. Phioc Seán suas an cróca.
    Rith sé abhaile agus d'inis sé le Máire cad fuair sé. Bhí áthas an domhain uirthe nuair a d'airigh sí an scéal. Thóg sí an tór suas sa seomra agus chuir sí fé ghlas ar an mbosca é.
    Ansan dúirt sí le Seán gan é rá le
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ícidhe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ícidhe
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    48
    Seoladh
    An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge