School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 389

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 389

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 389
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí fear ann fadó agus do bhíodh sé i gcónaí ag gearradh crann sa choill. An maidin seo pé scéal é chuaidh sé go dtí an taobh eile den choill ar fad. Do fhéach sé a timpeall agus do chonaic sé crann breá gairid agus do thosnaigh sé ag gearradh.
    Tar éis tamaill do shuí sé síos agus thóg sé amach a lón agus do bhí sé á ithe dó féin. Nuair do bhí sé ag ithe do bhí sé ag féachaint ar an gcrann breá. Fé dheire d'fheach sé suas ar a bhárr agus do chonaic sé nead shuas ann. Do bhí dhá éan gairid don nead á rá leis gan an crann a gearradh ach níor airigh an fear iad mar do bhí sé bodhar.
    Tamall beag ina dhiaidh sin chuaidh an fear amach arís a' ghearradh crann agus do chonaic sé crann breá eile agus chuaidh sé chun é a gearradh. Ach do bhí an crann sin gearrtha chéana ag na h-éiníní a bhí sa crann a ghearr sé roimhe sin mar do bhí draíocht aca. Nuair do chuaidh an fear gairid dó do thit an cann anuas air agus do mhairbh sé é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Do bhí fear ann fadó agus bhí sé ag obair ag feirmeoir.Dúirt an feirmeoir leis dul go dtí an aonach le bó. Chuaidh an fear go dtí an aonach leis an bó agus díol sé í.
    Nuair a fuair sé an t-airgead chuaidh sé ag ithe a bhricfást. Nuair a bhí an bhricfást
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seumas Móinbhéal
    Gender
    Male
    Address
    Aird Mhór, Co. Phort Láirge