School: An Ghráinseach, Eóchaill
- Location:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Teacher: Deaglán Ó Cuilliú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Page 384
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)air riamh ó shoin.
Sin é mo scéal agus má tá bréag ann bíodh. - Do bhí fear ann fadó agus do chuaidh sé síos go dtí an trá ag bailiú trioscair an oíche seo. Ní raibh sé i bhfad shíos ann nuair a tháinigh corp isteach. Do tháinigh an chorp an-ghairid don bhfear agus do chonaic sé é. Do thóg sé abhaile é agus dhein é thóramh. Do chuireadh an chorp anseo agus do bhí gach rud ag dul chun cinn go maith go dtí gur chuaidh an fear go dtí an trá arís fé dhéin trioscair. Nuair a bhí sé tamall shíos ann do tháinigh an diabhal taobh thiar de agus do bhí chun é do marbhú ach do tháinigh sprid an chuirp taobh thiar den diabhal agus do sháigh scian isteach tríd a dhrom agus do mhairbh é.
Ansin dúirt an sprid leis an bhfear dul abhaile agus gan teacht go dtí an trá go deo arís agus níor tháinigh .
Sin é mo scéal agus má tá bréag ann bíodh. - Do bhí fear ann fadó agus an maidin seo chuaidh sé amach ag fiach agus do d'fhan sé ar fiach ar feadh an lae agus um thráthnóna do bhí sé an-dorcha agus do chaill sé an chasán(continues on next page)
- Collector
- Seán Ó Cuilliú
- Gender
- Male
- Informant
- Tomás Treó
- Gender
- Male
- Age
- Over 70
- Address
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge