Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill

Suíomh:
An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Deaglán Ó Cuilliú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 384

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 384

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Leathanach 384
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”
  5. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí fear ann fadó agus do chuaidh sé síos go dtí an trá ag bailiú trioscair an oíche seo. Ní raibh sé i bhfad shíos ann nuair a tháinigh corp isteach. Do tháinigh an chorp an-ghairid don bhfear agus do chonaic sé é. Do thóg sé abhaile é agus dhein é thóramh. Do chuireadh an chorp anseo agus do bhí gach rud ag dul chun cinn go maith go dtí gur chuaidh an fear go dtí an trá arís fé dhéin trioscair. Nuair a bhí sé tamall shíos ann do tháinigh an diabhal taobh thiar de agus do bhí chun é do marbhú ach do tháinigh sprid an chuirp taobh thiar den diabhal agus do sháigh scian isteach tríd a dhrom agus do mhairbh é.
    Ansin dúirt an sprid leis an bhfear dul abhaile agus gan teacht go dtí an trá go deo arís agus níor tháinigh .
    Sin é mo scéal agus má tá bréag ann bíodh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Cuilliú
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Tomás Treo
    Inscne
    Fireann
    Aois
    Os cionn 70
    Seoladh
    An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
  2. Do bhí fear ann fadó agus an maidin seo chuaidh sé amach ag fiach agus do d'fhan sé ar fiach ar feadh an lae agus um thráthnóna do bhí sé an-dorcha agus do chaill sé an chasán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.