School: An Ghráinseach, Eóchaill
- Location:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Teacher: Deaglán Ó Cuilliú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Page 379
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tú, nár cheangail a lámh den ghabhar. Chimil an gréasaí an t-slaitín dá thóin.
Bhí an buachaill ansan a liúrigh chun maith leis na gabhair.
"Dén diabhal tá sé sin a dhéanadh amuigh" arsa an ministir " ná fuil sé á dtiomáint chun siúl".
"Téighir amach" arsa sé leis an gcailín aimsire.
Seo amach leis an cailín agus an chéad duine a bhuail léi ná an buachaill.
Thug sí a dhá láimh don buachaill chun é a caitheamh as a slí. Cheangail a lámh den buachaill is cimil an gréasaí an t-slaitín dá thóin. Bhí sí a liúraigh chun maith leis na gabhair.
"N'fheadar fén diabhal cad atá orra seo" arsa an ministir le bean an gréasaí.
Amach leis agus sé an chéad duine a theangaigh leis ná an chailín. Thug sé a lámh di agus ceangail an lámh dá drom agus cheangail an gréasaí an t-slaitín dá thóin.
Ansan bhí an ministir sa liúraigh chún maith leis an gcuid eile 'cu.
"Gluais leat isteach agus fág ann iad" arsa 'n bean leis an ministir.
"Ní b'faghainn" arsa sé.
Amach léithe. Chuir sí a dhá láimh timpeall a mhuintir chún é thabhairt isteach. Cheangail a lámha do'n mhinistir agus chimil an gréasaí an t-slaitín dá tóin(continues on next page)- Informant
- Micheal Ó Bruadair
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- c. 60
- Address
- Aird Mhór, Co. Phort Láirge