School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Teacher:
Pilib Ó Foghlú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 363

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 363

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Page 363
  3. XML “Fear Dubh”
  4. XML “Sprid”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus gach aon oíche théigheadh sé go dtí tigh a bhí gairid dó chun an oíche a caitheamh.
    An oíche seo nuair a chuaidh sé go dtí an tigh ní raibh aoinne istigh agus b'ait leis cá raibh na daoine go léir. Chuaidh sé isteach i ngach aon seomra ach ní fheacha sé aoinne.
    Chuaidh sé amach sa macha agus chonaic sé fear mór dubh ina sheasamh i lár an mhacha. Tháinigh eagla air agus bhí sé ag dul abhaile nuair a rith an fear mór dubh chuige agus leag sé é. Dúirt an fear dubh leis gana bheith amuigh déanach aon oíche eile mar go mbeadh sé féin ag faire air.
    An oíche ina dhiaidh sin bhí an fear amuigh arís. Chonaic an fear dubh é agus marbhuigh sé an fear.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Ghríobhtha
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
  2. Aon uair amháin bhí bean ann agus gach oíche théigheadh sí go dtí an séipéal ag rá paidreacha.
    Aon oíche amháin nuair a chuaidh sí ann bhí an séipéal dúnta agus ní bhfaighidh sí dul isteach. Bhí sí ar buille agus dúirt sí nach rachaidh sí ann aon oíche eile.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.