Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn

Suíomh:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pilib Ó Foghlú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 357

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 357

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Leathanach 357
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean ann fadó agus bhí iníon amháin aici. An lá seo chuir sí an iníon amach ag piocadh bataí. Bhí lios ins an pháirc. Nuair a bhí sí ag teacht gairid don lios d'airigh sí na daoine ag béice istigh. Bhí amhrán ar siúl aca.
    Sé an t-amhrán a bhí aca ná Seo Hín, Seo Hó. Bhí sí ag éisteacht leo ar feadh tamaill. Chuaidh sí gairid don doras a bhí aca. Tháinigh beirt buachaillí beaga amach go dtí an doras agus cótaí dearga ortha. Thugadar isteach sa lios í. Bhí sí ag béiceadh.
    Thugadar dinnéir breá di. Nuair a bhí an dinnéir ithe aici dúirt siad léi fanacht agus an dinnéir a fhaghailt gach lá agus d'fhan sí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás de Róiste
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14
    Faisnéiseoir
    Tomás Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
  2. Bhí fear ina chónaí sa Rinn fadó. Bhíodh sé ag obair timpeall trí mhíle ón a thig féin. An oíche seo bhí sé ag fágaint an tigh ins an áit a raibh sé ag obair. Bhí sé rud beag déanach ach ní raibh sé ró-dorcha. Bhí sé ag siúl. Nuair a bhí sé ag teacht thar droichead chonaic sé mála mór i lár an bhóthar.
    Tháinigh eagla air. Chuaidh sé gairid don claidhe chun fuireach amach ón mhála ach tháinigh buile air. Fear láidir ab eadh é agus ní raibh aige ach léim tharais. Bhain sé léim ar a chorp agus chuaidh sé tharais agus geallaim duit nár bhain sé i bhfad do a bhaile a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.