Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn

Suíomh:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pilib Ó Foghlú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 355

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 355

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Leathanach 355
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”
  5. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí seana-theampall thíos sa seana-chill. Tá na fallaí ann fós. Nuair a bhí an cogadh anseo in Éirinn do leag saighdiúirí Cro,aill é agus chuireadar teampall Protastúnach ar bun. Nuair a bhíodar ag leagaint an teampall Caitleacha deirtear go maraíodh cuid des na fearaibh.
    Tá siad curtha thíos sa reilg. Níl ach fear amháin Protastúnach sa Rinn.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás de Róiste
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Tomás Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
  2. Bhí fear ann fadó agus thabharfadh sé aon airgead a gheobhadh sé breith ar leipreachán. Aon oíche amháin bhí sé ag bailiú aithinn thíos i ngleann. Bhí ana-chuid crann sa ngleann cad a chífeadh sé ach leipreachán.
    Tháinigh áthas air. Chuaidh sé suas gairid don chrann gan aon fothram a dhéanamh. Bhí an leipreachán ag deisiú bróg. Bheir sé ar an leipreachán agus lig sé scréach as. Dúirt an fear leis "cá bhfuil an cróca óir agat?". Bhí an leipreachán ag iarraidh imeacht uaidh. Dúirt an leipreachán leis go raibh madra rua taobh thiar de agus go raibh sé ábphiochadh. D'fhéach sé thar nais agud d'imigh an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.