School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Teacher:
Pilib Ó Foghlú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 346

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 346

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Page 346
  3. XML “Ól”
  4. XML “Tobar Naomh Nioclás”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann fadó agus bhíodh sí i gcónaí ag dul isteach ins an Tigh Ósta ag ól.
    Aon lá amháin chuaidh sí isteach agus d'fhan sí ann go dtí a deich a chlog san oíche. Nuair a bhí sí ag dul abhaile an oíche sin bhí sé an-dorcha agus bhuail sí i gcoinne geata agus gearradh a cheann.
    Bhí sí ar meisce agus ní raibh fhios aici cá raibh sí ag dul.
    Nuair a chuaidh sí abhaile chuaidh sí a codladh agus ní bhfuigeadh sí éirí ar feadh mí ina dhiaidh sin.
    Níor chuaidh sí ag ól ón lá san amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tobar Naomh Niocláis.
    Tá tobar thíos in-aice le tigh Eibhlín Ní Fhoghluda agus sé an ainm atá ar ná Tobar Naomh Niocláis.
    Théigheadh an-chuid daoine síos ann fadó chun paidreacha do rádh agus má bheadh aon rud ortha leigisfheadh an t-uisce iad. Ní théigheann morán daoine síos ann anois mar téigheann siad suas go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Dhrócháin
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge