Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Aon uair amháin do bhí fear bocht ina chónaí thiar i nGort na Daitha. Seán Ó Cléirigh a b'ainm dó agus do bhí sé leath na mhadáin.
Caith na daoine go dtí Árd Mhóir leis an gcíos. Ní bhfuigheadh Seán Ó Cléire dul go dtí Árd Mhór mar ní raibh aon rud aige a thabharfadh ann é.
An lá san bhí Liam Ó hArta ag dul ann agus thug sé an chíos do chun é a dhíol dó. Ach nuair a chuaidh sé suas leis an chíos dubhairt an fear a bhí á bhailúighaidh leis nach fuigheadh sé an cíos a thógaint uaidh mar do bhí sé díolta roimhe sin aige Tomás Ó hArta. Caitheadh amach ar thaobh an bhóthair Seán Ó Cléire agus a clann agus fuair Tomás Ó hArta a chuis talamh a bhí aige. Caitheadh isteach sa Poor House iad agus fuaireadar bás ann. - Tá áit thiar sa Cappagh ina bhfuil na Gárdaí ina chónaí agus chuaidh fear ón Rinn siar ann chun na sprideanna d'fheiscint.
Mar tá alán sprideanna timpeall na h-áite.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Cuirrín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Baile na Cúirte Theas, Co. Phort Láirge