School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Teacher:
Pilib Ó Foghlú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 314

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 314

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Page 314
  3. XML “Sprid”
  4. XML “Sprid”
  5. XML “Fear Láidir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí aon deirfiúr amháin aige agus chuaidh sí go dtí Sasana Nua agus ní raibh aoinne sa bhaile ach an fear féin. Bhíodh an deirfiúr ag cur airgead chuige gach mí.
    Aon oíche amháin nuair a bhí an fear ina codladh agus i lár na h-oíche dhúisigh sé agus chonaic sé samhailt an deirfiúr agus bean éigint eile ós a comhair amach agus i gcionn seachtaine fuair sé litir go raibh sí tar éis bháis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear ina chónaí sa Sean Phobal fadó agus bhí sé an-láidir. Ní raibh aon airgead aige agus caithfidh na daoine mór-thimpeall na h-áite é a cothú. Nuair a raghadh sé isteach in tigh chaitheadh sé pé rud a d'iarreadh sé a d'fhághailt.
    Nuair a bhí sé ag dul ins na bliainta bhíodh gach aoinne á chur suas chun pósta.
    Aon lá amháin chuaidh sé isteach in tigh agus bhí bean an tighe istig agus bhí iníon aici agus nuair ná thabharfadh an máthair an iníon dó chun í phósadh do marbhuig sé an beirt aca.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Lonáin
    Gender
    Male
    Age
    14
    Address
    Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge