Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn

Suíomh:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pilib Ó Foghlú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 305

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 305

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Leathanach 305
  3. XML “Sprid”
  4. XML “Déirce”
  5. XML “Goid”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    h-inghean féin Brighdhe a bhí tar éis báis le trí bliain. Do chuaidh an bean bocht abhaile agus chuaidh sí a codladh ach bhí an gearrcaile istigh sa leaba agus an t-aon focal amháin á rá aici "Paidir, paidir". Ansan timpeall a dhá buile déag d'imigh an sprid.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí bean ann fadó agus bhí sí an-bhocht. An lá seo ní raibh aon rud le n-ithe aici. Tháinigh bean go dtí an doras ag lorg lóistín ar feadh na h-oíche.
    Dúirt an bean bocht léi teacht isteach agus go bhfaigheadh sí suí ar an gcathaoir cois na tine go dtí maidin ach ná raibh aon rud le n-ithe sa tigh aici a thabharfadh sí di.
    Tháinigh an bean isteach agus shuí sí ar an gcathaoir cois na tine agus chuaidh an bean bocht eile a codladh. Nuair d'éirigh an bean bocht ar maidin bhí an bean a bhí ar an gcathaoir imithe agus bhí an bórd leagtha amach le gach saghas bia.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine
        1. robálaithe (~423)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Nic Craith
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
  3. Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé i gcónaí a guid. Ní raibh a fhios ag aoinne cá raibh as an fear agus bhí na Gárdaí leath-marbh ag iarraidh d'fháil amach.
    An oíche seo chuaidh na Gárdaí amach ag faire ar an bhfear féachaint a bhfaigheadh siad greim d'fhághailt air. Tháinigh an fear agus nuair a bhí sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.