Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn

Suíomh:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pilib Ó Foghlú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 300

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 300

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Leathanach 300
  3. XML “Tomhaiseanna”
  4. XML “Naomh Déaglán”
  5. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    7. Tá bó bán ag siubhal na trágha gan cnámh 'na corp? Tonn.
    8. Téighir chun na coille agus tabhair leat brosna. Ná tabhair craobh cham ná craobh díreach. Is ná tar abhaíle gan brosna? Brosna ainm an ghadhair. Fuair mé iad seo sa mbaile chois na teine.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Beidh Féile Naomh Deuglán againn ar an 24 adh lá de Mí Iúl. 'S é pátrún na h-Áirde Mhóire é. Do bhunuig sé Mainistir mór ann agus tháinig a lán daoine ag foghluim ann ó gach áit san Eoráip.
    Do bhí an creideamh aige fé ar tháinig Naomh Pádraig, mar do bhí an chreidheamh thimcheall na h-áiteacha san. Nuair a chuaidh Naomh Deuglán go dtí an Róimh deirtear gur thug sé clog as leis.
    Tá carraig ann agus leighisfidhe pianta a bheadh id dhrom dá raghfeá fé agus do dhrom a cimilt de. Leighiseadh a lán daoine ó'n Rinn ann an blian seo caithte. Téigeann a lán daoine go dtí an pátrúnin Árd Mhór gach blian. Fuair mé é seo ó M. Mathghamhna 54 bl. An Rinn.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Curraoin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Baile na Cúirte Theas, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    M. Mathghamhna
    Aois
    54
    Seoladh
    An Rinn, Co. Phort Láirge
  3. Do bhí tg amuigh sa sliabh timcheall 20 blian ó shoin agus ní raibh mórán tíghthe thimcheall air. An lá sa do bhí an áit an-uaigneach agus tháinig gé isteach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.