Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn

Suíomh:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pilib Ó Foghlú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 263

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 263

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Leathanach 263
  3. XML “An Aintín Dhílis”
  4. XML “An Fear Bodhar”
  5. XML “An Bhean agus an Coifín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí sé bodhar ó rugadh é. An oíche seo bhí sé an-tinn agus tháinigh bean isteach agus chuir sí fios ar an dochtúir.
    Nuair a tháinigh an dochtúir bhí an fear ina shuí ag an teine roimhe agus é ag amhrán. Labhair an dochtúir leis agus ní raibh fhios ag an fear cad a bhí í rá aige.
    D'imigh an dochtúir leis ansan agus tháinigh an bean isteach agus dúirt sí "D'airigh tú cad dúirt an dochtúir? Droch rud a dúirt sé?
    Ach dúirt an fear "Rud ná cloiseann an cluas ní chuireann sé buairt ar an gcroí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí sean-bhean ann fadó agus bhí sí an-bhocht. An lá seo bhí sí ag déanamh císte agus nuair bhí sé déanta aici d'imigh sí amach sa macha agus nuair a tháinigh sí isteach bhí an císte imithe.
    Cuaidh sí siar sa seomra agus bhí sí ag caoineacháin go bhfuair sí bás.
    Nuair a bhí na fir á chuir ní ragadh an coifin síos san uaigh agus sé an rud a dheineadar ná é caitheamh isteach sa bhfairrige.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
          1. bás (~1,076)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Nic Craith
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Deaglán Ó Gríobhtha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Seoladh
    Seanchluain, Co. Phort Láirge