Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn

Suíomh:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pilib Ó Foghlú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 253

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 253

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Leathanach 253
  3. XML “Sprid”
  4. XML “An Gorta”
  5. XML “Stoirm”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    na tigh féin connaic sé an duine ar an mbóthar. Ghaibh sé thar nais ann labhairt leis ach baineadh a chaint de agus ní bhfaighead sé labhairt leis.
    Chuaidh sé abhaile agus níor raibh sé ag ól as san amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí píosa beag talmhan in Rath na mBiríneach aimsear an Ghorta agus bhí 21 tighe ann agus bhí seisear nó seachtar i ngach aon tigh acu.
    Is ar prátaí agus min buí a mhairfidis. Is ar an píosa ceadna a chuirfidís na prátaí gach aon bhliain mar ní raibh talmhan go leor acu agus ní chuirfidís aon aoileach leo. Tar éis tamaill níor d'fhásadar ar aon chor mar ní raibh aon maith ins an talamh. Níl ann anois des na tighe ach na fothracha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Timpeall leath-chéad bliain ó shoin bhí stoirm uafásach ar an bhfarraige. Bhí bád ó Dúngarbhán amuigh sa bhfarraige taobh thíos de'm thígh agus cuireadh ar na gcarrigeacha í.
    Bhí timpeall seisear ins an mbád. Níor tháinigh saor ach beirt díobh. Thángadar suas thar na failltreacha agus nuair d'éirigh mo sean-athair ar maidin bhí an beirt acu amuigh ag an doras roimhe agus bhíodar ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Súilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ráth na mBiníneach, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Micheal Ó Curraín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ráth na mBiníneach, Co. Phort Láirge