Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn

Suíomh:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pilib Ó Foghlú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 251

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 251

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Leathanach 251
  3. XML “Gadaí agus Ministéir”
  4. XML “An Moresby”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    An lá so dúirt sé leis an gaduithe "beidh do ceann ar spíce agam anocht muna ghoideann tú an dhá chapall a bheidh agam ag treabhadh inniu". Fuair an gadaithe sé coiníní agus bhain sé na cosa díobh.
    Nuair a bhí an ministéir ag treabhadh an lá san thug an gadaithe na coiníní amach sa pháirc agus nuair a chonaic an ministéir na coiníní rith sé na dhiaidh.
    Nuair a bhí sé imithe ghoid an gadaithe na capaill agus thug sé leis iad. Nuair a tháinigh an mainistéir thar nais bhí sé ar buile. Dúirt sé leis an gadaithe "tabharfadh mé mo inghean duit le pósadh má ghoideann tú í anocht.
    Bhí duine tar éis bás an lá san agus thóg an gadaithe leis é agus chuir sé ina sheasamh é ar doras tighe an ministéara. Chonaic an ministéir an duine agus shíl sé gurab é an gadaithe a bhí ann. Fuair sé a ghunna agus chaith sé urchar agus leag sé é. Ansan chuiadh sé amach á chur. An fhad a bhí sé imithe amach ghoid an gaduithe a inghean agus phós sé í.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Nuair a bháthadh an Moresby agus nuair a fuaireadh na daoine a bhí báidthe, bhí fear ag baint an ghairbhéil as gruaig bean an chaptaen fuair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    Ráth na mBiníneach, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Micheal Ó Turraoin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Baile Uí Churraoin, Co. Phort Láirge