Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 232
- XML “An Tobar”
- XML “Iasc”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- D'airigh mé sgéal an oidhche fé dheire mar gheall ar tobar a bhí sa tSean Phobul uair. Bhíodh an t-uisce ag teacht aníos as an talamh. Do bhí leigheas as an uisce do phianta. Dá n-ólfá an t-uisce nuair a bheiteá ag dul do chodladh agus pianta a bheith id drom bheadh siad imthighe ar maidin nuair a bheidthá ag éirighe. Nuair a bheadh na daoine ag dul go dtí an tobar fadó fé dhein buidéal uisce, chuiridís pinginí fé chloch ann. Lá amháin bhí beirt ag teacht ón tSean-Phobuil agus thógadar iad. An fhaid a bhí na pinginí acu ní raibh aon ádh leotha. onnsan chaitheadar iad di chur thar-nais..
- Do bhí tobar i mbaile Uí Treasnán uair agus tháinig iasc isteach ann. Do bhí an-chuid daoine ag dul fé dhéin uisce. Uair amhainchuaidh bean fé dhéin uisce go dtí an tobar agus thug sí abhaile an t-iasc léi. Nuair a chuaidh sí abhaile chuir sí síos an eorcán ar an teine chun í do bheiriú. Nuair a bhí an corcán ar an teine aici líon sí de uisce é agus do chuir sí an t-iasc isteach ann chun í do bheiriú, Do chuir sí teine mór bataí fé agus do shéid sí fé agus dá mbeadh sí ag séideadh ó shoin ní bhfuigheadh sí an t-iasc do bheiriú. Tar-éis lá a thabhairt á bheiriú chuir sí thar-nais sa tobar arís í. Tar-éis(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Churraoin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Baile na Cúirte Theas, Co. Phort Láirge