Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 228
- XML “Tórramh”
- XML “Oíche Naomh Mártan”
- XML “Coifín Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó nuair a bheadh duine á thórramh bhíodh na daoine timcheall na leabthan agus ina suidhe thimcheall na teine sa chistin. Bíonn leann agus fíon agus beatha-uisge acu. Bíonn na daoine ag caint agus ag seanchus. Bíonn a lán coinnle lasta sa seomra ina mbíonn an duine á thórramh. Bíonn na daoine ina suidhe ar feadh na h-oidhche.
- (ar lean ón leathanach roimhe)oidhche Shamhna go h-oidhche fheil Mártan.
- D'airigh mé scéal ana-deas an oidhche fé dheire mar gheall ar bád mór a tháinig isteach im aice na coise agus do bhí a lán daoine ann agus fear dubh ina measc. Do bhí coifín óir acu agus bhíodar chun é do chur i gcómhadh. Dubharadar le na chéile go ndéanfaidís poll sa chois agus é do chur ann. Nuair a bhí an poll déanta acu d'fiafruigh an captaoin de'n fuireann ciacu a thabharfaidh aireachais de'n ór. Dubhairt an fear dubh leotha "tabharfaidh mise aireachas do" annsan do dhein an captaoin é a lámhach agus do dheineadar é do chur leis an ór. Nuair a bhí an méid sin déanta acu d'imthigeadar. Nuair a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Churraoin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Baile na Cúirte Theas, Co. Phort Láirge