Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn

Suíomh:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pilib Ó Foghlú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 227

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 227

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Leathanach 227
  3. XML “Bád a Bádh”
  4. XML “Oíche Naomh Mártan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. D'airigh mé sgéal an oidhche fé dheire mar gheall ar bád a tháinig isteach in-aice le Baile na Gall. Maidin amháin bhí fear ag dul ag iascaireacht agus nuair a bhí sé a teacht gairid do'n mbád a bhí aige féin. Chonnaic sé rud mór amuigh sa bhfarraige. Nuair a bhí an taoide imthighthe amach tháinig sé arís agus chonnaic sé bean áluinn agus fáinní áluinne air a méireanna agus an bád timcheall míle uaite. Do bhí an bád lán de gual agus adhmad. Tógadar an bhean agus ghearradar na méireanna di chun na fáinní d'fhághailt. Bhriseadar an bád suas. Ní fheadar mé cad a dheineadh léi annsan.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Do bhí féile oidhche fheil Mártan ann an oidhche fé deire. Gach oidhche Naomh Mártan mharbhuigheann na daoine rud éigint chu fuil a tharrainngt agus dá gcoimfeá an fuil sin nuair a bheadh tinneas ort agus chuid den fuil d'ól leighidfidhe tú. Ní théigheann aon báid ag iascaireacht oidhche Naomh Mártain. Bíonn oidhche Naomh Mártan againn ar an 10adh lá de Samhna. Naoi n-oidhche agus oidhche gan áireamh ó
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Mártain (~177)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Churraoin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Baile na Cúirte Theas, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Michéal Currín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    An Rinn, Co. Phort Láirge