Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn

Suíomh:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pilib Ó Foghlú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 225

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 225

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Leathanach 225
  3. XML “Scéal - Sprid”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá fear ag obair againn sa mbaile agus tá a thig anáirde ar an sliabh oidhche amháin nuair a bhí sé ag dul abhaile ó mo thig. Gach oidhche nuair a bhíodh sé ag dul abhaile raghadh sé suas treasna an t-sléabh. An oidhche seo bhí sé ag dul suas tríd an tsléibhe agus chonnaic sé solus úathbhásach ag teacht tríd an tsléibhe mar a bheadh sé ag dul trí theine. Nuair a bhí sé ag teacht gairid do'n teine d'imthigh an solus agus tháinig cheann bó báine as an solus agus d'imthig sé síos tríd an sliabh arís.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. D'airigh mé sgéal an oidhche fé dheire mar gheall ar fear a fuair bás i nDúngarbhán agus bhí a dhearbhráthair ag teacht amach as an ósbuidéal, agus nuair a bhí sé ag dul abhaile bhí an fear a bhí tar-éis bás san ósbuidéal amach an bóthar roimhe agus coinneal in a láimh aige. D'imthig sé as radharc tar-éis tamaill maith. fuair mé an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Churraoin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Baile na Cúirte Theas, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Foghludha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    18