Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 223
- XML “Drochbhean”
- XML “Seáinín Amadán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Droch b[h]ean
Bhí bean ann fadó agus droch bhean dob eadh í. Ní theigheadh sí go dtí faoisidín ná Aifreann. Nuair a bhí sí 90 blian d'aois thuit sí tinn. An oidhche seo bhí sí ag fághail bháis agus dubhairt sí leis an gcailín aimsire dul fé dhéin an tsagairt di. Chuaidh an cailín fé dhéin an tsagairt agus ní thiocfhadh sé chun faoisidín a thabhairt di.
Fuair an bhean bás agus chuaidh sí go dtí na flaithis agus fuair an sagart bás agus chuaidh sé go dtí ifreann.
Fuair mé an scéal seo ó mo s[h]ean-mháthair. 73 blian. - Seánín Amadán
Bhí buachaill ann fadó agus sé an ainm a bhí ar ná Seánín Amadán. Gach lá théigheadh sé amach i gcoill a bhí gairid do agus t[h]osnuigheadh sé ag feadaghail.
An lá seo nuair a chuaidh sé amach chonnaic sé bean ina suidhe ar an talamh agus thosnuigh sé ag cainnt léi. Dubhairt an bhean leis nár cheart do bheith ag feadaghail nuair a bhíonn sé istig sa choill. Tháinig buille ar an mbuachaill agus bhuail sé an bhean.
D'iompuigh an b[h]ean isteach in madra agus tháinig eagla ar an mbuachaill agus thuit sé ar an talamh mar a bhuailfeadh splanc é(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Ghríobhtha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge