Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn

Suíomh:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pilib Ó Foghlú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 220

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 220

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Leathanach 220
  3. XML “Bean á Tórramh”
  4. XML “Sprid”
  5. XML “Bean Bhocht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tháinig scannradh ar na daoine. Annsan thuit rud éigin dubh síos ar an mbean a bhí a tórramh. Rith na daoine go léir le scannradh. D'fhéach ceann acu ar an mbean agus bhí sí go léir dubh.
    Fuair mé an scéal seo ó S[h]eamus de Paor. 37 blian.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sprid
    Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht. Fuair sé bás agus mí ina dhiaidh sin chonnaic fear eile é agus bhí lampa ina láimh aige. Bhí sé ag léimrigh ó áit go h-áit i ngleann a bhíodh sé i gcomhnuidhe.
    Chonnaic a lán daoine é ina dhiaidh san agus bhíodh an lampa ina láimh i gcomhnuidhe aige. Chonnaic bean dárbh ainm Brighid Ní Churraoin é agus bhí sé ag rith ó áit go h-áit. Tháinig scannradh uirthe agus fuair sí bás an lá san.
    Fuair mé an scéal seo ó S[h]iobhán Ní Lonáin. Ins an Rinn. Tá sí 30 bliadhain d'aois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Ghríobhtha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Siobhán Ní Lonáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    30
    Seoladh
    An Rinn, Co. Phort Láirge
  3. Bean bocht
    Aon uair amháin bhí bean ann bhí triúr mac aici. Bhí sí ana-bhocht agus ni raibh go leór airgid aici chun iad a chothúg[h]adh. Dubhairt sí léi féin go raghadh sí amach ag lorg déírce.
    Chuaidh sí amach an oidhche seo ar a deich a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.