Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 218
- XML “Sióga”
- XML “Sprid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ana-dh0rcha agus ní raibh fhios aige cá raghaidh sé.
Stad an ceol agus agus an rinnce. Bhí an fear bocht ag dul suas agus síos an pháirc agus ní b[h]fuigheadh sé dul amach as.
Fé dheire d'éirig leis dul amach as agus chuaidh sé abhaile. Fuair sé bás mí ina dhiaidh san.
Fuair mé an scéal seo ó mo mháthair. I gCnocán an Phaoraigh. Tá sí 43 blian d'aois. - Sprid
Aon oidhche amháin bhí bean ag teacht ón mBaile Mór. Bhí sé a buille a chlog insan oidhche.
Chonnaic sí seanfhear ina shuidhe ar an gclaidhe agus dubhairt an bhean leis suidhe isteach is an chairt. Chuaidh sé isteach ann agus nior labhair sé aon fhocal. Nuair a bhíodar imt[h]ighthe leath-míle ón áit léim an fear amach.
Nuair a chuaidh an bhean abhaile chuir sí an t-asal isteach ins an tig. Nuair a éirig an bhean chuaidh si go dtí an tig agus bhí an t-asal tar éis bháis.
Fuair mé an scéal seo ó Mháire Ní Lonáin i Maoil a Chóirne. Tá si 50 blian d'aois.- Bailitheoir
- Cáit Ní Ghríobhtha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Lonáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge