Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn

Suíomh:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pilib Ó Foghlú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 217

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 217

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Leathanach 217
  3. XML “Sprid”
  4. XML “Sióga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sprid
    Aon oidhche amháin bhí fear thíos ar an tráig. Bhí sé a naoi a chlog ins an oidhche. Shiubhal sé soir píosa an tráig agus chonnaic sé fear marbh a bhí tar eis teacht isteach leis an taoide. Chuaidh sé abhaile agus fuair sé sluasad agus chuir sé an fear.
    Cúpla oidhche ina dhiaidh sin chuaidh sé síos arís agus chonnaic sé solus ins an áit ina chuir sé an fear. Bhí eagla an domhain ar an oidhche sin.
    Chuaidh sé abhaile agus chuaidh sé a chodladh. Bhí an fear seo tinn ar feadh coicíse ina dhiaidh sin agus fuair sé bás.
    Fuair mé an scéal seo ó S[h]eamus de Paor. Tá sé ina chom[h]nuidhe i mBaile na nGall. Tá sé 37 bliadhain d'aois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Ghríobhtha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Séamus De Paor
    Inscne
    Fireann
    Aois
    37
    Seoladh
    Baile na nGall Beag, Co. Phort Láirge
  2. Sidheóga
    Tá lios in páirc thimcheall leath míle ó mo thig. Tugtar páirc an leasa ar mar gheall ar an lios sin.
    Aon oidhche amháin bhí fear ón Rinn ins an pháirc sin. D'airigh sé ceól binn istig so lios agus d'airigh sé glór mar a bheadh na sidheóga ag rinnce. Tháinig eagla an domhain air. Bhí an oidhche
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.