Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn

Suíomh:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pilib Ó Foghlú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 216

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 216

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Leathanach 216
  3. XML “Fear agus A Mhac”
  4. XML “Lios”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fear agus a Mhac
    Bhí fear ann fadó agus mharb[h]uig sé fear eile agus sé an pionús a chuir an sagart ar ná an chuid eile dá shaoghal a thabhairt ar an b[h]fairrige i mbád beag. Thugadh seabhac(h) biadh chuige gach seachtmhain.
    Bhí mac aige agus nuair a bhí sé ag éirighe aosta chuimhnig sé ar a athair agus dubhairt sé go bhfuidheadh sé bád agus dul á d'f[h]eiscint. Bhí sé seachtmhain ar an bhfairrige agus sa deire chonnaic sé é sa mbád beag léim sé isteach chuige agus bhí an bád ró b[h]eag do bheirt agus bhádhadh iad. Fuair mé an sgéal seo ó P[h]ádraig Curraoin. 63 blian.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Lonáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14
    Seoladh
    Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Curraoin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
  2. Lios
    Tá lios i mBaile Uí C[h]urraoin agus fadó bhíod[h] an-chuid sid[h]eóga ann agus bhídís ar an mbóthar gach oidhche. An oidhche seo bhí fear ag gabháil síos an bóthar agus dho theaghmhaigh fear an-bheag leis. Tabhair dom píosa tobac arsa an fear beag leis. Níl sé agam arsa an fear eile leis agus bhí fios ag an sidheóg go raibh sé ina phóca aige. Le na linn thuit an fear fuar marbh ar an dtalamh.
    Níorbh fhada go dtáinig beirt bhan agus d'iarr an fe[ar] beag píosa tobac ortha. Thugadar do é agus thug sé slat draoid[h]eachta dóibh. Fuair mé an sgéal seo ó Liam Ó Lonáin. 46 blian.
    (Seán Ó Lonáin, Maoil an Chóirne, sa Rinn a sgríobh na sceulta so romhainn. Dearbhráthair do Shiobhán is eadh é.)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.