Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 207
- XML “Sprid”
- XML “Fear Bocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)oidhche amháin chuaidh sí síos go dtí an tobar fé dhéin buicéid uisge, agus tháinig rud éigin uirthe, agus thuit sí isteach sa tobar. Thosnuig sí ag liúirig, acht níor airig aoinne í. An lá ina dhiaidh san, chonnaic fear í agus
t[h]óg sé í, agus chur sé í. Annsan
d[h]íol an fear na cearca, agus nuair a bhí sé ag dul anonn leo, fuair cuid acu bás, bhíodar chómh aosta san. Cúpla lá ina dhiaidh san, chonniac an fear í, síos ag an tobar, agus í ag tógaint an uisge go léir amach as an tobar. Fuair mé an sgéal seo ó Labhrás Ó Cuidighthe. An Rinn. 65 blian d'aois. - Fear Bocht
Bhí fear bocht ina chómhnuidhe i mBaile na Míolach fadó, ní raibh aon tig aige agus bhíodh sé i gcómhnuidhe ag lorg déirce.
Uaireannta chuireadh na daoine na madraí as a dhiaidh. Maidean amháin bhí ocras mór air, agus b[h]í sé an-fhuar mar bhí sioc ann. Chonnaic sé tig mór gairid do, agus chuaidh sé go dtí an ngeata. Chonnaic na madraí é, agus thosnuig siad ag liúirig, chrom an fear síos chun cloch a d'fhag[h]ailt agus é a chaitheamh leis na madraí. Acht bhí na cloc[h]a ceangailte leis an sioc. Annsan dubhairt sé "mo
m[h]allacht is fiche ar Bhaile na Míolach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Lonáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge