Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 203
- XML “An Rud is Annamh is Iontach”
- XML “Sprid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i dtig feirmeora, ní bhíodh aon arán, ná im, ná siúcre leagtha ar an mbórd.
Domhnach Cásca leag bean a tighe an t-arán agus pláta ubh agus rudaí eile ar an mbórd, shuidheadar síos agus d'itheadar gach rud ach amháin an siúcre. Annsan dubhairt ceann aca leis an gceann eile, "cad a íosfhaimíd anois.
Dubhairt an fear eile go n-íosfhaidís an siúcre, bhí an fear díreach ag cur a láimhe isteach sa siúcre nuair a tháinig bean a thighe isteach, agus sé an rud a dubhairt sí ná ,"an rud is annamh is iongantach". Fuair mé an scéal seo ó m'athair. An Rinn. 56 blian. - Sprid
Bhí bean ann fadó, bhí inghean amháin aici. Cáit b'ainm di. Nuair a bhí Cáit timcheall a cúig bliana déag d'aois fuair a máthair bás. Ní raibh aoinne aici annsan agus chaith sí dul ag obair go dtí sna feirmeoirí. Gach oidhche nuair a bheadh an té ólta aici chaitheadh sí dul go dtí tobair fé dhéin uisge. Nuair a theigheadh sí síos bhíodh rud éigin ag eitilt timcheall uirthe.
An oidhche seo chuaidh sí síos, agus díreach nuair a bhí sí ag cuir an buicéid ar a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Lonáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge