Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn

Suíomh:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pilib Ó Foghlú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 201

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 201

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Leathanach 201
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Fear ag Baint Aitinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal
    Bhí fear ann fadó, agus bhí beirt driféar aige. D'imthig[h] ceann aca go Aimeirce agus fuair [a]n ceann eile bás. Annsan bhí an fear ina
    [ch]ómhnuidhe in tig[h] leis féin. Chuaidh sé a chodhladh [sa]n oidhche, agus timcheall a dhá bhuile dhéag, dh'airig[h] [s]é glór sa seomra. D'fhéach sé amach agus [ch]onnaic sé bean ag an leaba, agus bhí hata agus casóg bán uirthe. Tháinig eagla air, agus t[h]uit sé dh'in a chodhladh arís.
    Bhí an glór sa seomra i gcómhnuidhe, ar maidin nuair a d'éirig[h] sé,
    dh'innis sé dos na daoine é. Fuair sé litir an lá ina dhiaidh san go raibh an deirbhsiúr a bhí aige in Aimeirce tar éis bás a d'fhághailt. Fuair mé an scéal seo ó m'athair, an Rinn.
    56 blian d'aois.
    Mise Siobhán Ní Lonáin
    Maoil a' Chóirne, An Rinn
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Lonáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    11
    Seoladh
    Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
  2. Fear ag baint aitinn
    Bhí fear ann fadó, agus bhí se an-bocht. Lá [a]mháin chuaidh sé timcheall go dtí na tigthe ag lorg déirce. Bhíodh asal agus cairt aige, chuaidh sé [i]steach go dtí páirc chun aitinn a bhaint. Ba le feirmeoir an pháirc, nuair a bhí se a ghearradh
    [th]áinig an feirmeoir agus bhí fearg mór air.
    Dubhairt sé leis an bhfear imt[h]eacht, sé an rud adubhairt an fear bocht ná: "Imt[h]eochaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.